Tráth na gCeist Dhátheangach - 16/03/2015 ag 9pm - Bilingual Quiz
Tráth na gCeist Dhátheangach - Bígí linn ar Oíche Fhéil' Pádraig (16ú Márta 2015) ag 9i.n. sa Teach Tábhairne Mhuileann na Cúirte in Oiléan an Ghuail le bhur bpáirt a ghlacadh sa Quiz Mór Sheachtain na Gaeilge. Léifear na ceisteanna amach i nGaeilge agus i mBéarla ar dhóigh go bhfuil sé fóirstéanach do gach duine a bhfuil suim acu inár dteanga dúchais. Cuirfear duaiseanna deasa ar fáil do na buaiteoirí agus beidh a lán ndeiseanna le duaiseanna spotaí a bhaint i rith na hoíche. Ina theannta sin, soláthrófar stobhach gaelach d'achan rannpháirtí. Tógfar bailiúchán ar son na Béilí Mhuire. Bígí fial leis le bhur dtoil. Beannachtaí na Féile Pádraig oraibh uilig!
Bilingual Quiz - Join us on St Patricks Eve (16 March 2015) at 9pm in the Millcourt Bar & Restaurant in Coalisland for to take your part in the Big Irish language week Quiz. Questions will be read out in Irish and in English so that it is suitable for anybody who has an interest in our native language. Nice prizes will be provided for the winners and there will be plenty of opportunities to win spot prizes during the night. Along with that, Irish Stew will be provided for every participant. A collection will be taken for Mary's Meals. Please be generous. Blessings of the Feast of St Patrick on you all!
Seachtain na Gaeilge
Siúil - Poll na gColm 8/3/2015
Beidh an chéad siúlóid eile ar siúl againn Dé Domhnaigh 8ú Lá de mhí an Mhárta Le linn Seachtaine na Gaeilge 2015. Is ar Poll na gColm i gContae Fhear Manach a mbeifear an ceann scríbe againn an t-am seo. Ag imeacht 10rn ón Charrchlós Mhuileann an Choirce. Tosófar ag 12 meánlae ag Poll na gColm.
Tá Poll na gColm lonnaithe i gCnoic na Tulaí Brice cóngarach do Bhotha agus bainfidh na rannpháirtithe taitneamh as an radharca álainn agus as an tírdhreach boireannach aolchloiche
agus beidh siad ábalta dul isteach sa phluais taobh leis an eas galánta.
The next walk is on Sunday 8th March during Seachtain na Gaeilge 2015. Pollnagolum (Poll na gColm 'cavehole of the rock doves') in Co Fermanagh is our destination this time. Leaving at 10am from the Cornmill Carpark. Beginning at 12 midday in Pollnagolum.
Poll na gColm is located in the Tullybrack Hills at Boho and participants in the walk can enjoy the fantastic scenic beauty of the karst limestone landscape and enter the cave alongside the picturesque waterfall.
http://www.walkni.com/walks/619/pollnagollum-cave-walk-belmore-forest/
http://www.cavan.ie/marblearchcavesglobalgeopark/Default.aspx?StructureID_str=66
Má tá suim agat ar JRR Tolkien agus Tiarna na bhFáinní, léigh faoi Poll na gColm eile atá suite sa Bhoireann i gContae an Chláir!
If you've an interest in JRR Tolkien and the Lord of the Rings, read about the other Poll na gColm situated in the Burren Co. Clare in the links below:
Coirnéal na Gaeilge CLG Thír Eoghain
Oíche Dé Sathairn beag seo 28/02/2015, beidh "Coirnéal na Gaeilge" ar siúl arís i bPáirc Uí hÉilí ar an Ómaigh don chluiche sa tSraith Náisiúnta Peile Allianz idir Tír Eoghain agus Doire (Caitheamh isteach 7i.n.) Moltar lucht tacaíochta a bhfuil Gaeilge acu ag achan leibhéal teacht le chéile in aice le bosca na meán ar an ardán agus labhair Gaeilge le linn an chluiche. Seo alt beag thíos atá scriofa ag Nós:
This Saturday night 28/02/2015, the Irish language corner is back in operation again in Healy Park, Omagh for the NFL game between Tyrone and Derry (throw-in 7pm). Supporters who have Irish at any level are encouraged to come together at the Press Box on the Terrace and speak as Gaeilge during the game.