Financial support for GAA clubs promoting the Irish Language

Scéim Tacaíochta Gaeilge do chlubanna CLG

[Béarla thíos | English below]

Tá an Scéim Tacaíochta Gaeilge oscailte anois le haghaidh iarratas do thionscadal a chuireann foghlaim agus úsáid na Gaeilge chun tosaigh i gclubanna CLG.  Tugtar faoi deara na hathruithe seo san eolas a foilsíodh roimhe:

1. Tá an babhta seo den Scéim le haghaidh imeachtaí a tharlódh idir 1ú Eanáir agus 30ú Aibreán 2017

2. Tá ardú ar luach na ndeontas ar fáil sa bhabhta seo, suas le €600 ar fáil ach maoiniú meaitseála ar bhonn €1 ón chlub le haghaidh gach €2 ón Scéim Tacaíochta Gaeilge (€900 san iomlán).

Cuirtear isteach ar an Scéim Tacaíochta Gaeilge tríd an foirm seo a líonadh isteach: https://goo.gl/forms/ROO8gXWBR78vNf3G2 

Tá nasc ar fáil ar www.glornangael.ie chomh maith. Is gá don iarratas a bheith réidh faoi 5:00in ar Aoine 18ú Samhain 2016

Féach ar an treoir breise anseo.

Is comhthionscadal í an Scéim Tacaíochta Gaeilge idir Glór na nGael agus An Cumann Lúthchleas Gael le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge

___________________________________________________________________________

The Scéim Tacaíochta Gaeilge is now accepting applications for projects to promote the learning and use of the Irish language in GAA clubs.  Please note the following amendments to information previously published:

1.  This round of funding is for projects to be delivered between 1st January and 30th April 2017

2.  The grant amount available from the Scéim has been raised to €600 on the understanding that clubs will contribute €1 in match funding for every €2 provided by Scéim Tacaíochta Gaeilge (total €900).

Applications are to be made online via the following link: https://goo.gl/forms/ROO8gXWBR78vNf3G2 

A link is also provided at www.glornangael.ie  Applications to be completed by 5:00pm on Friday 18 November 2016.

Additional guidance here.

There is no set criteria for what will be funded except that the activity must promote the use of Irish so your club can be as creative as it wants in its ideas, here are some examples of what you could do:

  • Bilingual 1916 drama with club members
  • Irish classes
  • Culture nights - Irish speaking host, Irish singing groups
  • Trip to do the Croke Park tour in Irish (note we do not fund transport)
  • Irish language football/hurling blitz
  • Irish language brochure to encourage use of Irish in the clubhouse bar
  • Workshop on the national anthem for your club members
  • Irish language fun day - get facilitators to come and do Yóga in Irish, to learn popsongs in Irish
  • Irish language singing workshop
  • Translation of club website

If you have an idea but are not sure that it fits with the ethos of this project please do not hesitate in getting in touch with Sinéad Ní Mhearnóg at Glór na nGael 0834497443|  07849394001 sinead@glornangael.ie 

The Irish Language Support Scheme (Scéim Tacaíochta Gaeilge) is a joint project between Glór na nGael and the GAA with support from Foras na Gaeilge.

 

 

Féasta na Gaeilge 1916 - 2016

  Ceiliúradh Foirmiúil ar an Ghaeilge mar chuid de Chlár Comórtha 1916

Ar an Satharn an 3 Nollaig 2016 ceiliúrfar Athbheochan na Gaeilge le céad bliain anuas mar chuid de Chlár Comórtha 1916 atá eagraithe ag na sé Cheanneagraíocht Gaeilge, (Glór na nGael, Cumann na bhFiann, Conradh na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge, Gael Linn, Gaelscoileanna) i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge.

Maraon le béile ceithre chúrsa in Óstán Double Tree Hilton, gealltar oíche an-speisialta a dhéanfaidh comóradh agus ceiliúradh foirmiúil ar an nGaeilge le clár siamsaíochta atá nuálach, beomhar agus uathúil.

Is mór an onóir agus an phribhléid céad míle fáilte a chur roimh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn a bheidh mar aoi oinigh ag Féasta 100.

I measc na n-aíonna speisialta beidh an t-aisteoir Diarmuid De Faoite mar fhear an tí, beidh bunsaothar ann ón ngrúpa ceoil Preabmeadar (Lorcán Mac Mathúna, Daire Ó Bracáin agus Éamonn Ó Galldubh) le cóiréagrafaíocht coimisiúnaithe go speisialta ó Fhearghus Ó Conchúir. 

Tá Féasta 100 chun ceiliúradh a dhéanamh ar fhorbairt na Gaeilge le 100 bliain anuas ar bhealach úr comhaimseartha agus ar bhealach a fhanfaidh i gcuimhne na ndaoine a fhreastalóidh uirthi. Imeacht náisiúnta a bheidh ann a dhéanfaidh ceiliúradh ar an nGaeilge agus ar gach a mbaineann léi sa Ghaeltacht agus lasmuigh di.

Níl ach 700 ticéid ar fáil don ócáid seo agus is féidir iad a cheannach ó aon cheann de na heagrais atá i mbun an eagrúcháin nó ó Eventbrite:

https://www.eventbrite.ie/e/feasta-100-tickets-25641956783?aff=es2   

Is é praghas na dticéad €80 an duine. Tuilleadh eolais iniata.

Táimid ag súil go mbeidh tú linn.

Coiste Féasta 100

Féile Pheadair Joe Haughey 2016

Journey into the heart of the last Tyrone Gaeltacht and enjoy one of the best of the smaller Gaelic Festivals!

Féile Pheadair Joe - féile Gaeilge, ceoil agus cultúir a dhéanann ceiliúradh ar Peadar Joe Haughey, scothscéalaí, agus duine de na cainteoirí deireanacha Gaeilge i gContae Thír Eoghain a fuair bás sna 1950ídí, a bheidh ar siúl ón 16ú - 23ú Deireadh Fómhair. Ba bhreá le Pobal ar a'n Iúl agus Frainc Ó Cléirigh (garmhac do Pheadar Joe) dá mbeifeá ábalta bheith leo, agus an scéal a scaipeadh fosta !

Tig leat an clár a íoslódáil anseo

Féile Pheadar Joe 2016 - the Irish Language, music and cultural festival celebrating Peadar Joe Haughey, storyteller par excellence, and one of the last native Irish speakers in Tyrone who died in the 1950s, will take place from the 16th -23rd October. Pobal ar a'n Iúl and Francis Clarke (grandson of Peadar Joe) would be delighted if you could join them and spread the word also!

You can download the programme here

SIÚIL hillwalking club is back!

Tá cumann cnocadóireachta SIÚIL ar ais!

Siúlóid Treoraithe - Guided Walk
Dé Sathairn 1 Deireadh Fómhair - Sat 1 Oct
11.30am Binn Chuilceach - Cuilcagh Mountain

"Téigh amach faoin aer úr, sú isteach an dúlra gálanta agus
cleachtaigh do chuid gaeilge linn"

"Go out into the fresh air, absorb natures beauty and practice your Irish with us"

Brúigh anseo le haghaidh tuilleadh eolais faoin tsiúlóid

Click here for further information on the walk