Toghchán ó thuaidh - Cé atá/nach bhfuil ag tacú le hÉilimh Phobal na Gaeilge?

Ceithre Pháirtí & Breis ‘s 70 iarrthóir Ag Tacú le hÉilimh Phobal na Gaeilge ó thuaidh

Eolas á sholáthar ag Conradh na Gaeilge don phobal maidir le seasamh na n-iarrthóirí toghcháin ó thuaidh ar chúrsaí Gaeilge trí #GaelVóta –

Am ag Iarrthóirí & Páirtithe Tacú Leo go Fóill

 

Tá gach páirtí polaitíochta agus iarrthóir toghcháin ó thuaidh a thug tacaíocht oifigiúil do trí mhóréileamh phobal na Gaeilge go dtí seo foilsithe ar shuíomh Chonradh na Gaeilge ar www.cnag.ie/gaelvota mar chuid den fheachtas #GaelVóta, ach tá am go fóill ag iarrthóirí agus ag páirtithe a dtacaíocht a thabhairt do na héilimh roimh an toghchán ó thuaidh Déardaoin 5 Bealtaine 2016. Is iad Sinn Féin, SDLP, Pobal Roimh Bhrabús agus ‘Cross-Community Labour Alternative’ na páirtithe a thacaigh go hoifigiúil leis na héilimh mar pháirtithe ina n-iomláine.

 

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Conradh na Gaeilge:

 

“Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar vótálaithe áitiúla – iad siúd atá ina gcainteoirí líofa Gaeilge, iad siúd atá ag foghlaim na teanga, nó go deimhin iad siúd a bhfuil bá de chineál ar bith acu don teanga – chun na héilimh seo a chur chun cinn leis na hiarrthóirí ar fad atá ag seasamh sna toghcheantair s’acu. Caithimis vóta ar son na Gaeilge. ”

 

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge:

 

“Tá gach iarrthóir aonair a thacaíonn go hoifigiúil leis na héilimh luaite leis an bhfeachtas #GaelVóta freisin, agus is féidir le páirtí nó le hiarrthóir ar bith teagmháil a dhéanamh le Conradh na Gaeilge ag cearta@cnag.ie más mian leo tacú leis na héilimh, agus déanfar na hathruithe cuí ar www.cnag.ie/gaelvota.”

 

Trí mhóréileamh phobal na Gaeilge atá mar bhunús an fheachtais #GaelVóta, éilimh a eascraíonn as plean ionadaíochta agus bearta ionadaíochta arna aontú ag breis ‘s 80 grúpa pobail Gaeilge agus Gaeltachta:

 

1.       Go ndéanfaí infheistíocht £2.16 milliúin sa bhreis i bplean phobal na Gaeilge le borradh a chur faoi úsáid na Gaeilge agus le postanna nua a chruthú

2.       Go gceapfaí Aire Pobail a bheadh báúil don Ghaeilge agus a bheadh ábalta mianta phobal na Gaeilge a chur chun tosaigh

3.       Go gceapfaí Aire Oideachais a thacódh leis an Ghaeilge sa chóras oideachais agus a chinnteodh forbairt leanúnach d’earnáil na Gaelscolaíochta

 

D’oibrigh Conradh na Gaeilge i gcomhar le grúpaí pobail áitiúla ar fud na tíre chun fóraim ghnímh áitiúla a reáchtáil ar fud na sé chontae ó thuaidh go dtí seo mar chuid den fheachtas #GaelVóta, agus rinneadh teagmháil le gach iarrthóir maidir le héilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar a laghad faoi dhó de réir na sonraí teagmhála a cuireadh ar fáil go poiblí. Tá freagraí na n-iarrthóirí agus na bpáirtithe ar www.cnag.ie/gaelvota

TUILLEADH EOLAIS:

 

Ciarán Mac Giolla Bhéin,

Bainisteoir Abhcóideachta ó thuaidh, Conradh na Gaeilge

00 44 28 90 315647 | 00 44 75 45293841 | ciaran@cnag.ie

 

Julian de Spáinn,

Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge

00 353 (0)86 8142757 | julian@cnag.ie | 00 353 (0)1 4757401

 

Pádraig Ó Tiarnaigh

Feidhmeannach Cumarsáide agus CTI (Cosaint Teanga agus Ionadaíocht) ó thuaidh, Conradh na Gaeilge

00 44 28 90 315647 | 00 44 77 16690237 | padraig@cnag.ie

 

Éilimh Phobal na Gaeilge & na Gaeltachta

Tá plean infheistíochta uile-Éireann aontaithe ag breis ‘s 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta – eagrais phobail agus uile-Éireann, agus na húdaráis mhaoinithe s’acu san áireamh – chun breis ‘s 1,160 post a chruthú, agus tá na grúpaí ag iarraidh go léireoidh gach páirtí polaitíochta tacaíocht don phlean sna forógraí olltoghcháin s’acu: http://bit.ly/1JKDS6H

 

Tá bearta ionadaíochta á lorg ag na grúpaí pobail agus uile-oileánda chun go gcuirfear an plean infheistíochta i ngníomh chomh maith, ina measc go gceapfaí Airí Sinsir thuaidh agus theas chun feidhmiú ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta agus chun dea-bhainistiú agus feidhmiú iomlán an phlean infheistíochta a chinntiú: http://bit.ly/1PXrvUd

 

3 Phríomhéileamh Phobal na Gaeilge ó thuaidh:

 

1.       Go ndéanfaí infheistíocht £2.16 milliúin sa bhreis i bplean phobal na Gaeilge le borradh a chur faoi úsáid na Gaeilge agus le postanna nua a chruthú

2.       Go gceapfaí Aire Pobail a bheadh báúil don Ghaeilge agus a bheadh ábalta mianta phobal na Gaeilge a chur chun tosaigh

3.       Go gceapfaí Aire Oideachais a thacódh leis an Ghaeilge sa chóras oideachais agus a chinnteodh forbairt leanúnach d’earnáil na Gaelscolaíochta

 

An raibh a fhios agat?

·         Tá Gaeilge éigin ag 10.6% den daonra ó thuaidh de réir Daonáireamh 2011

·         Tá suim agus úsáid na Gaeilge sa saol mór, go háirithe i measc daoine óga, ag fás go leanúnach. Mar shampla, tá breis ‘s milliúin duine tar éis éisteacht leis an amhránaí cáiliúil Ed Sheeran ag ceol as Gaeilge

·         Tá níos mó ná 17,000 duine sínithe suas do thionscadal Líofa leis an Ghaeilge a fhoghlaim

·         Creideann 54% de dhaoine ó thuaidh gur chóir go mbeadh seirbhísí Gaeilge ar fáil do dhaoine ar mhaith leo iad a úsáid (Céard é an Scéal? Conradh na Gaeilge, 2015)

·         Tá níos mó ná 5,000 páiste sa chóras Gaeloideachais faoi láthair, leis míltí eile ag foghlaim na Gaeilge mar dara theanga ar scoileanna eile 

·         Cuideoidh an plean infheistíochta atá á mholadh againn ar phobal beo bríomhar atá ag fás ar na bealaí seo a leanas:

o   Clár gníomhaíochta maidir le húsáid agus foghlaim na teanga a chur ar fáil

o   Lárionad Gaeilge a bhunú i mbailte ar fud an oileáin

o   Scoláireachtaí Gaeltachta do daoine óga agus teaghlaigh a chur ar fáil

 

Tá tuilleadh eolais faoi na bearta ionadaíochta atá á lorg ag Conradh na Gaeilge agus faoi éilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta trí chéile ar fáil ó cearta@cnag.ie nó leis an haischlib #GaelVóta ar Twitter.

 

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge, agus is í príomhaidhm an Chonartha an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Oibríonn an eagraíocht ar son na Gaeilge agus ar son gach duine a bhaineann leas as an teanga ar fud oileán na hÉireann agus ar fud an domhain. Tá nach mór 180 craobh ag Conradh na Gaeilge ag saothrú ar son na teanga, agus is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá baill na heagraíochta gníomhach ag cur an Ghaeilge chun cinn i ngach gné de shaol na tíre – ó chúrsaí dlí agus oideachais, go forbairtí sna meáin agus seirbhísí trí Ghaeilge – ó bunaíodh Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú, agus bíonn baill na heagraíochta ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, in Inis, ar an Iúr, i Luimneach, i Maigh Eo, i dTiobraid Árann, agus in áiteanna eile ar fud na hÉireann. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie/courses