Tá Foras na Gaeilge ag cur 15 scolaireachtaí ar fáil do Chúrsa Teaghlaigh sa Ghaeilge atá a reachtáil ag Cumann an Phiarsaigh i nGaoth Dobhair le linn na seachtaine 18-25 Iúil 2015. Bronnfar 5 scolaireachtaí de luach €1000 an ceann agus 10 scolaireachtaí de luach €500 an ceann ar theaghlaigh a bhfuil suim acu freastal ar an chúrsa Gaeilge seo i nGaoth Dobhair.
Caitheann na teaghlaigh seachtain i nGaoth Dobhair ag freastal ar ranganna agus imeachtaí tré Ghaeilge a bheidh ar siúl i bPobalscoil Ghaoth Dobhair. Tá a thuilleadh eolais faoin chúrsa féin ar an suíomh idirlíon www.piarsaigh.ie
Is ar theaghlaigh atá san earnáil Gaelscoilaíochta faoi láthair atá na scolaireachtaí dírithe, sé sin le rá do theaghaligh a bhfuil páiste ag freastal ar ghaelscoil, ar ghaelcholáiste nó scoil ina bhfuil oideachas tré Ghaeilge a chur ar fáil.
Beidh trí scolaireacht a bhronnadh ar an chlár Cóisir Cheoil (16.10-17.00) ar RTE RAIDIO NA GAELTACHTA 102.7FM gach lá ón Luan 11ú Bealtaine go Aoine 15ú Bealtaine. Éist leis an chlár le linn na seachtaine agus beidh an deis agat TÉACS a chur isteach le linn an chláir le bheith sa chrannchur do na scolaireachtaí.
Tá Cumann an Phiarsaigh go mór faoi chomaoin ag Foras na Gaeilge as an tacaíocht seo a thabhairt don chúrsa.
Is féidir eolas breise a fháil ó Joe Ó Gallchóir, stiúrthóir an chúrsa, ag 00 353 86 3048242 (ó thuaidh) nó 086 3048242 (ó dheas) nó galljoe@eircom.net
Foras na Gaeilge are providing scholarships to families wishing to attend a Family Course as Gaeilge in Gaoth Dobhair, Co Donegal during the week 18-25 July 2015.
There are 5 scholarships worth €1000 each and 10 scholarships worth €500 each available to facilitate interested families attend the course. The scholarships are for families who have children in the All-Irish education sector.
All information on the course itself is available on www.piarsaigh.ie
The scholarships will be presented each day during the week 11-15 May 2015 on Cóisir Cheoil (16.10-17.00) on RTE RADIO NA GAELTACHTA 102.7FM. They will be awarded by means of a TEXT-IN on that programme during the week in question.
Further information is available from Joe Ó Gallchóir at 00 353 86 3048242 (from the north) or 086 3048242 (from the south) or galljoe@eircom.net.